Scaoil Amach Acmhainneacht Sonraí - le haghaidh Gnóthaí agus Saoránaigh an AE

10 October 2024

Tagann an Cheardlann Spás Sonraí Teanga Eorpach (LDS) chuig Baile Átha Cliath

Tá an Spás Sonraí Teanga Eorpach agus an t-Ionad ADAPT in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag tabhairt saineolaithe ó éarnáil na tionsclaíochta, riarachán poiblí, agus taighde na hÉireann le chéile chun plé a dhéanamh ar thábhacht sonraí teanga i gcomhair forbairt Teicneolaíochtaí Teanga (TT) agus uirlisí de bhunús IS in Éirinn. 

Ó thús 2023, tá an Coimisiún Eorpach ag tacú go gníomhach le Spásanna Sonraí Teanga Eorpacha a bhunú. Is féidir cumarsáid agus malartú sonraí, de gach saghas módúlacht agus teanga a dhéanamh leis an Spás Sonraí Teanga (LDS), chun gné nua maidir le comhroinnt sonraí teanga a chur ar fáil i dtíortha uile na hEorpa. Is é cuspóir an LDS margadh sonraí iontaofa agus éifeachtach a chruthú d’achmainní teanga san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, chun ailíniú leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí.

Chun an togra nua seo a chur chun cinn, tá sraith ceardlann á eagrú trasna na hEorpa chun tacú le tionscail áitiúla, grúpaí taighde, agus riaracháin poiblí a bhfuil suim acu imeascadh sa spás malartú sonraí tenaga seo. Cuireann na ceardlanna deis ar fáil chun ceangail a dhéanamh le líonraí ábhartha aitiúla agus Eorpacha, agus bonneagar iontaofa a chur chun cinn agus a thacú. 

Tabharfaidh an Cheardlann LDS Éireannach, óstáilte i gcathair Bhaile Átha Cliath, aghaidh ar na riachtanais geallsealbhóirí Éireannacha ó na hearnálacha príobháideacha agus poiblí, cé acu a bhfuil soláthraithe, forbróirí agus/nó tomhaltóirí sonraí teanga araon. Trí chainteanna agus díospóireacht phainéil, díreoidh an t-imeacht ar thaithí na geallsealbhóirí seo, ag plé ceisteanna criticiúla a bhaineann le soláthar agus comhroinnt sonraí teanga.

Trí thacú le hiarrachtaí sonraí teanga a tháirgeadh, luach airgid a chur orthu agus a fháil chun cumhacht a thabhairt do TT agus uirlisí de bhunús IS don Bhéarla agus don Ghaeilge, is féidir leis an LDS cabhrú le geallshealbhóirí  na hEorpa agus na hÉireann chun an fás teicniúil inmhianaithe a bhaint amach, agus feabhas a chur ar a n-iomaíochas in Eoraip ilteangach ina bhuil ról atá ag éirí níos tábhachtaí ag Teicneolaíochtaí Teanga agus uirlisí de bhunús IS.

Tá an cheardlann seo dírithe ar shealbhóirí agus soláthraithe sonraí, forbróirí TT agus FBManna, chomh maith le feidhmeannaigh, oifigh agus páirtithe an riaracháin phoiblí